- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
An tAcht Míchumais 2005
Pleananna Earnálacha (Alt 31)
Éilíonn an tAcht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh agus go bhfoilseodh na sé Aire Rialtais atá liostáilte thíos pleananna earnálacha ag tabhairt imlíne ar chlár na gcéimeanna atá molta maidir le soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ag an Aire nó ag comhlachtaí poiblí nó ag duine eile a bhfeidhmíonn an tAire ar a shon nó ar a ndáileann sé/sí airgead. Sula bhfoilsítear a leithéid de phlean ní mór don Aire dul i gcomhairle lena leithéid de dhaoine ar ionadaithe iad ar dhaoine faoi mhíchumas a cheapann sé nó sí a bheith cuí.
I dteannta na riachtanas eolais atá sainithe faoi Altanna 32 go 37, caithfear iad seo a leanas a bheith i ngach plean earnálach-
- eolas cuí maidir le cóid chleachtais (más ann dóibh) agus rialacháin (más ann dóibh) a bhaineann le hábhar an phlean,
- an nós imeachta gearán le soláthar ag comhlacht phoiblí nó ag daoine eile maidir le haon cheist a bhaineann leis an bplean
- gnásanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe maidir le hábhar an phlean
- ráiteas ar na tréimhsí ag a n-ullmhófar tuarascálacha maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur i bhfeidhm an phlean, gur tréimhsí nach mó ná 3 bliana iad ó dháta foilsithe an phlean
- "más cuí", leibhéal na rochtana a bhaineann leis na seirbhísí atá sonraithe sa phlean agus
- aon cheist eile a cheapann an tAire atá i gceist a bheith cuí.
Tá foráil san Acht, mar a éilíonn plean earnálach seirbhís inrochtain iompair poiblí agus na foirgnimh agus an infrastruchtúr a bhaineann leis agus a mbíonn dáta dá soláthar sa phlean earnálach, gurb é sin an dáta a bheidh i gceist, in ionad aon dáta eile a bheadh ann, de bharr fhorálacha an Achta.
Éilíonn an tAcht go gcuirfí na pleananna earnála faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais "a luaithe agus is féidir é", ach i gcás an chéad phlean dá leithéid, nach déanaí ná bliain tar éis d’Alt 31 tosú (.i. faoin 8 Iúil, 2006). Ní bheidh éifeacht leis na pleananna earnálacha go dtí go nglacann an dá Theach den Oireachtas le rún ag faomhadh na bpleananna.
Caithfear aon tuarascálacha a ullmhóidh Aire faoi alt 31 a chur faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas.
- Plean Earnálach an Aire Sláinte agus Leanaí (Alt 32)
- Plean Earnálach an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Alt 33)
- Plean Earnálach an Aire Iompair (Alt 34)
- Plean Earnálacha an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (Alt 35)
- Plean Earnálach an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (Alt 36)
- Plean Earnálach an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta (Alt 37)
