- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
An tAcht Míchumais 2005
Rochtain ar Fhoirgnimh Phoiblí (Alt 25)
Ciallaíonn "foirgneamh poiblí" foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh, a mbíonn rochtain ag an bpobal de ghnáth air agus atá i seilbh, faoi bhainistíocht nó faoi rialú comhlachta poiblí.
Éilíonn alt seo an Achta go gcinnteodh comhlachtaí poiblí go bhfuil a bhfoirgnimh phoiblí, "chomh fada agus is féidir é", inrochtain ag dhaoine atá faoi mhíchumas. Ceadaíonn an tAcht don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí iarraidh ar an Údarás Náisiúnta Míchumais dréachtchód cleachtais a ullmhú agus a chur faoina bhráid maidir le rochtain dhaoine faoi mhíchumas ar fhoirgnimh phoiblí. Má cheadaíonn an tAire a leithéid de chód cleachtais, ansin beidh ar chomhlachtaí poiblí "… cloí leis chomh fada agus atá sé praiticiúil agus ceann á thógáil dá acmhainní agus dá oibleagáidí …". Ach go háirithe, beidh ar chomhlachtaí poiblí cloí leis an gcód cleachtais ag am na tógála, athraithe ábhartha nó forleithnithe ar fhoirgneamh poiblí nó nuair a bheadh sé éifeachtúil ó thaobh costais, le rochtain a thabhairt do líon níos mó daoine. .
Caithfidh foirgnimh ar fhoirgnimh phoiblí iad ar an dáta a tháinig alt 25 den Acht Míchumais i bhfeidhm (.i. 31 Nollaig, 2005) nó ar déanadh foirgnimh phoiblí díobh i ndiaidh an dáta sin, teacht le Cuid M de Rialacháin Tógála 1997 (mar a leasaíodh) faoin 31 Nollaig 2015. Ina theannta sin, má bhíonn aon leasuithe eile ar Chuid M de Rialacháin Tógála 1997, beidh ar chomhlachtaí poiblí a gcuid foirgneamh poiblí a thabhairt faoi réir Chuid M leasaithe laistigh de 10 mbliana tar éis don leasú tosú.
Is féidir le hAire ordú a dhéanamh ag sonrú foirgnimh, nó foirgneamh, nach mbaineann na riachtanais san alt roimhe seo leo má bhíonn sé nó sí sásta -
- go bhfuil an foirgneamh á úsáid go sealadach mar fhoirgneamh poiblí agus go n-éireofar as an úsáid sin tar éis 3 bliana ón dáta a déanadh an t-ordú
- nach n-úsáidfear an foirgneamh mar fhoirgneamh poiblí tar éis trí bliana ón dáta a dhéantar an t-ordú, nó
- nach bhféadfaí cosaint a dhéanamh ar an bhfoirgneamh a dhéanamh inrochtain do dhaoine faoi mhíchumas, ar bhonn costais, ag tógáil ceann den úsáid a bhainfear as an bhfoirgneamh.
Sula ndéantar a leithéid d’ordú beidh ar an Aire atá i gceist dul i gcomhairle le "pé Airí nó daoine eile a cheapann sé nó sí a bheith cuí"
