- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
An tAcht Míchumais
Cé na comhlachtaí atá clúdaithe ag Acht Míchumais, 2005?
Tá an sainmhíniú seo a leanas ar "comhlacht poiblí" in Alt 2 den Acht.
Ciallaíonn "Comhlacht Poiblí"
(a) Roinn Stáit
(b) Oifig an Uachtaráin
(c) Oifig an Ard-Aighne
(d) Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
(e) Oifig Thithe an Oireachtais
(f) údarás áitiúil
(g) Feidhmeannacht [na Seirbhíse Sláinte]
(h) duine, comhlacht nó eagraíocht (seachas na Fórsaí Cosanta) a bunaíodh -
(i) trí nó faoi aon achtú (seachas Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2003), nó
(ii) faoi Achtanna na gcuideachtaí 1963 go 2003, de bhun na gcumhachtaí a bronnadh trí nó faoi achtú eile, agus cistithe go hiomlán nó i bpáirt, le hairgead a sholáthrófaí, nó iasachtaí a gheobhfaí nó a mbeadh bannaí leis, ag Aire Rialtais nó scaireanna a bheadh ag nó a choimeádfaí thar ceann aire rialtais
Mura bhfuil tú cinnte go mbaineann comhlacht ar leith leis an sainmhíniú seo ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht sin nó leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
