Neamhspleách. Neamhchlaonta. Saor in Aisce

Déanann Oifig an Ombudsman scrúdú ar ghearáin ó bhaill den phobal atá den tuairim go ndearna comhlacht poiblí éagóir orthu.  Féadfaidh an tOmbudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi dhreamanna amhail ranna rialtais, údaráis áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá an tseirbhís a chuirimid ar fáil saor in aisce, cóir, cuntasach agus faoi rún. An jab atá againne ná scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ar bhealach cóir, neamhspleách – is é sin ní thaobhaímid le dream amháin thar dhream eile.

Le héifeacht ó 1 Bealtaine 2013 beidh níos mó ná 180 comhlacht phoiblí breise ag teacht faoinár ndlínse.

Féach ar ár Video Faisnéise

Tig leat freisin breathnú ar an bhfíseán seo le fo-theidil nó le cúnamh teanga chomharthaíochta.

Nuacht is Déanaí

    Tuarascálacha Bhliantúil

    Tugann an Tuarascáil Bhliantúil mionchuntas ar an méadú ar líon na ngearán, agus cuireann sí chun suntais na cásanna ba thábhachtaí a phléadh leo anuraidh.

    Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2011